Boris Yeltsin
Cuma
Ba pholaiteoir Rúiseach é Boris Nikolayevich Yeltsin (Rúisis: Борис Николаевич Ельцин) (1 Feabhra 1931 – 23 Aibreán 2007), an chéad Uachtarán ar Chónaidhm na Rúise idir na blianta 1991 agus 1999. Toghadh Boris Yeltsin mar Uachtarán ar an Rúis ar an 12 Meitheamh 1991.

D'éirigh Boris Yeltsin as a phost mar Uachtarán ar an Rúis ar an 31 Nollaig 1999 agus d’éirigh Vladímír Pútín ina uachtarán gníomhach (nó mar Leas-Uachtarán - le feidhmiú mar Uachtarán) ar an Rúis.
Bhí Yeltsin ina bhall de Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh idir na blianta 1961 agus 1990, agus mar neamhspleách ina dhiaidh sin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Rúiseach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
