close
Jump to content

Stanislaus Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Siúr Stanislaus Kennedy)
Infotaula de personaStanislaus Kennedy
Beathaisnéis
Breith1940
Bás3 Samhain 2025
84/85 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gradam a fuarthas

Chaith an tSiúr Stanislaus Kennedy (19 Meitheamh 1939 – 3 Samhain 2025) na blianta ag gníomhú ar son na mbochtán agus iad siúd ar an imeall. Ghníomhaigh an tSiúr Stanislaus gan staonadh dóibh siúd gan dídean, do inimircigh, agus do phobail imeallacha ar an ngannchuid anseo in Éirinn agus thar lear.[1][2][3][4]

B'as ón Rinn Bhuí Ii Lios Póil i gContae Chiarraí an tSiúr Stan ó dhúchas. Chuaigh sí sna mná rialta le Siúracha na Carthanachta nuair a bhí sí 18 bliain d'aois.

Ba í an tSiúr Stanislaus nó 'Sister Stan' mar ab fhearr aithne uirthi i mBaile Átha Cliath a bhunaigh an eagraíocht Focus Point i 1985. Tá a ainm athraithe ó shin go Focus Ireland,[5] eagraíocht a tháinig ar an saol i dtús ama le aird an phobail a tharraingt ar riachtanas na mban a bhí gan dídean i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí, Scaip tionchar na heagraíochta ina dhiaidh sin agus rinneadh cúram don tír uilig.[6][3]

Príomhalt: Focus Ireland

Maidir le cúrsaí tithíochta, dúirt sí in 2001:

Toisc an méadú ar phraghas talún agus tithe, ní féidir le daoine a d’fhéadfadh teach a cheannach roimhe seo ceann a cheannach anois. Cuireann sé seo brú ar an earnáil phríobháideach cíosa; tá na praghsanna ansin imithe in airde, ní féidir le daoine áirithe an cíos ard a dhíol, caitear daoine ar an imeall agus tá níos mó agus níos mó daoine á bhfágáil gan dídean. Toisc ár gcuid saibhris, toisc easpa pleanála, tá níos mó daoine ar an imeall. An dúshlán is mó d’ár rialtas ná na struchtúir a athrú.[6]

Chuir an tSiúr Stanislaus brú leanúnach ar an rialtas freagracht a ghlacadh as nithe sóisialta agus rinne sí iarracht riachtanais grúpaí áirithe atá ar an imeall a chur chun cinn. Bhí baint mhór ag FI agus ag an tSiúr Stanislaus freisin le taighde ar bhochtanas agus ar chúrsaí sóisialta. Bhí baint ag Stanislaus go leanúnach le taighde; bhunaigh sí eagraíochtaí in 2001, Social Innovations Ireland agus an Immigrant Council of Ireland chun riachtanais atá ag pobail ar an imeall a chur chun cinn.

Cheap an tUachtarán Mary McAleese í ar Chomhairle an Stáit agus bhí sí ina Cathaoirleach ar Combat Poverty agus mórán Éireann eile.

Maidir le cúrsaí polaitíochta, dúirt sí in 2001:

“Chothaíomar riamh bearna idir sinn féin agus daoine atá ‘difriúil’ - daoine le fadhbanna sláinte intinne, príosúnaigh, daoine gan dídean. Baineann sé le heagla. Baineann sé le hoideachas. Tá brú ollmhór ar mhúinteoirí na laethanta seo ach caithfimid an cheist a chur cén treo ina bhfuil ár gcóras oideachais ag dul. An mbaineann sé le cén saghas daoine sinn, lenár stair, lenár gcultúr, leis an saghas pobail ina bhfuilimid ag iarraidh a bheidh ag maireachtáil - sochaí níos cothroime, níos cóire, níos caoinfhulangaí? An múintear gach ábhar sa tslí sin? Ní dóigh liom é. Ba cheart poverty-proofing agus racism-proofing a dhéanamh ar gach institiúid agus má tá aon chóras nó aon struchtúr ag cothú na nithe seo, ba cheart deireadh a chur leo.”[6]

Bhí an tSiúr Stanislaus mar cheannasaí ar an gcomhthionól atá ag a hord rialta, Siúracha na Carthanachta, agus thaisteal sí go dtí na clochair eile thar lear go rialta, san Afraic agus Meiriceá Theas, mar shampla; rinne sí obair ar bhochtanas i dtíortha na hEorpa. Dúirt sí:

Ó thaobh na gcinní a thógann an Eaglais, níl mórán tionchair ag mná in aon chor. In aon chor. Is Eaglais chliarlathach phatrarcach í. Maidir le cúrsaí na hEaglaise, dúirt sí in 2001:

Maidir le mná a bheith ina sagairt, tá níos mó suime agamsa go n-athródh struchtúr agus bealach oibre na hEaglaise - go n-athródh sí ó struchtúr atá cliarlathach go ceann atá bunaithe ar an bpobal - seachas ar cheart go mbeadh cead ag mná a bheith ina sagairt nó nach mbeadh. D’fhéadfá mná a bheith agat mar shagairt agus iad chomh deachtúil céanna leis na fir, mura n-athraíonn an struchtúr.[6]

Bás agus oidhreacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2017 bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dochtúireacht Oinigh ar an tSiúr Stanislaus Ní Chinnéide ag searmanas sa Helix ar champas na hOllscoile i nGlas Naíon. Bronnadh an dochtúireacht uirthi féin, agus iar Uachtarán Mheiriceá Bill Clinton.[7][8]

Bhí an tSiúr Stanislaus tinn le tamall agus bhásaigh sí ar an 3 Samhain 2025 in Ospís Naomh Proinsias, Baile Bhláinséir, Baile Átha Cliath. Bhí sí 86 bliain d'aois.[1][3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-11-03). "Moladh mór faighte ag an tSiúr Stanislaus" (as ga-IE).
  2. RnaG: Bhí aithne mhaith ag Maidhcí Joe Mac Gearailt agus Séan Ó hArgáin ar Stan (2025-11-03). "An tSiúr Stanislaus Ní Chinnéide" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-11-04.
  3. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-11-03). "An tSiúr Stanislaus Kennedy tar éis bháis" (as ga-IE).
  4. Ella Sloane. "Social justice campaigner and Focus Ireland founder Sister Stanislaus Kennedy dies aged 86" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-11-04.
  5. "Suíomh Focus Ireland". Dáta rochtana: 2025.
  6. 1 2 3 4 Ailín Ní Chonchúir (Lúnasa 2001). "An tSiúr Stanislaus Kennedy" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2025-11-04.
  7. "DCU honours President Bill Clinton, Sr Stanislaus Kennedy and Martin Naughton | Dublin City University" (en). www.dcu.ie (2017-10-17). Dáta rochtana: 2025-11-04.
  8. RnaG (2017-10-17). "Nuacht an Deiscirt: Dochtúireacht Oinigh" (as ga-IE).