Duilleog

Is orgán de chuid an planda shoithíoch í an duilleog, príomhorgán plandaí fásmhara.
Is gnách go mbíonn duilleoga réidh tanaí, go bhfásann siad os cionn talún agus go mbíonn feidhm ar leith acu i bpróiseas na fótaisintéise ach ní i gcónaí – ní bhíonn duilleoga na mbuaircíneach réidh; ní fhásann duillí gainne na bleibe os cionn talún; agus ní hé fótaisintéis príomhfheidhm cataifillí, spíonta nó cotailéadón.
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dath glas, de bharr clóraifill a bheith ann, agus is gá an chlóraifill i gcomhair na fótaisintéise a ghineann na carbaihiodráití (siúcra is stáirse) uile. Mar sin, tá duilleoga bunúsach do bheatha na n-ainmhithe.[1]
Sa bhfómhar athraíonn dath na nduilleog, de bhrí go milleann an fhuacht an chlóraifill is go dtagann líocha eile chun cinn. Nuair is ildathach an duilleog, is amhlaidh atá raon de na líocha seo ann. Nuair is bán an duilleog, easnamh líocha is bun leis. Bíonn an duilleog roinnte i lann is gas.
De ghnáth bíonn an lann leathan tanaí chun an uasmhéid den dromchla a léiriú do sholas na Gréine agus an t-idirleathadh gás is galuisce isteach is amach as an duilleog a éascú. Tá cuid mhaith ciseal difriúil sa duilleog.
Tá an eipideirm ar an taobh amuigh ag cosaint na bhfíochán istigh: an ciseal pailise ina dtarlaíonn fótaisintéis den chuid is mó, agus an mhéisifill spúinsiúil ina bhfuil spásanna móra aeir mar a dtarlaíonn an malartú aeir den chuid is mó.
Tá líonra féitheacha inti a iompraíonn uisce is súlach isteach is amach.
Tálann an eipideirm cneas céiriúil uiscedhíonach gásdíonach ar dhromchla uachtarach na duilleoige, ionas go dtéann uisce is gáis isteach is amach aisti trí na póireanna atá tiubhaithe ar an dromchla íochtarach.
Is é an príomhbhealach i bplanda chun uisce a chailliúint ná trasghalú ó na duilleoga mar seo. Laghdaíonn an cneas céiriúil ar an taobh uachtarach é seo, agus cabhraíonn oscailt is dúnadh na bpóireanna le méadú is laghdú na taise san aer an t-uisce a choinneáil sa phlanda freisin.
Bíonn airíonna eile ag plandaí atá oiriúnaithe d'aeráid the thirim nó réigiúin thuara, cosúil le laghdú i méid na nduilleog, imill a fhilltear isteach chun na póireanna a cho saint, agus caitheamh an duilliúir i séasúir neamhfhabhracha.
Cuireann plandaí áirithe gais théagartha ghlasa fhótaisintéiseacha in ionad na nduilleog go hiomlán.
Bíonn duilleoga ó chúpla milliméadar go dtí 20 rn i bhfad, a gcruthanna ilghnéitheach, agus iad iomlán, fiaclach, maothánach, nó fiú roinnte i nduilleoigíní. Is sainiúil na hairíonna seo agus leagan amach na nduilleog ar an ngas d'an-chuid saghsanna plandaí.
Bíonn feidhmeanna ar leith ag duilleoga freisin: stóráil uisce i bplandaí súmhara, gaistí i bplandaí ascaideacha feoiliteacha, agus teannóga i bplandaí dreapaire.[1]
