An Daonnachas


Seasamh fealsúnachta is ea an an daonnachas a dhéanann cúram don duine daonna, dínit an duine a cheiliúradh agus an sásamh daonna a iniúchadh.[1] Lena rá ar bhealach eile, is corpas de mheoin agus de pheirspictíochtaí eiticiúla é an daonnachas a leagann béim ar ghníomhaíocht agus luach an duine, ina n-aonar agus le chéile. Bíonn tábhacht níos mó á chur ar an réasúnaíocht agus fianaise ná ar chreideamh daingean nó ar chloí le prionsabal.

Le linn tréimhse an Renaissance agus an Reifirméisin in Iarthar na hEorpa, rinne gluaiseachtaí na ndaonnachaithe iarracht tairbhí an léinn a léiriú, ó na foinsí clasaiceacha, agus réamh-Chríostaí, a bhí roimhe sin, neamhfhaofa ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
Sna linne seo, tá go leor gluaiseachtaí daonnacha ailínithe go láidir leis an aindiachas, agus úsáidtear an téarma "An Daonnachas" go minic mar fhorfhocal, i gcomhair na gcreideamh neamh-dhiachúil, agus smaointe faoi ghnaithe spioradálta, mar shampla brí agus cuspóir na beatha. Is féidir leis an téarma "An Daonnachas" bheith débhríoch, agus bíonn mearbhall leanúnach ann idir na húsáidí éagsúla a bhaintear as an téarma toisc go raibh baint ag ghluaiseachtaí éagsúla intleachtúla leis thar na bliantaibh.
San fhealsúnacht agus sna heolaíochtaí sóisialta, tagraíonn "An Daonnachas" do pheirspictíoch a dhearbhaíonn coincheap áirithe de "nádúr an duine" (i gcodarsnacht leis an Fhrith-dhaonnachas).
Déanann "an Daonnachas" cur síos ar an idé-eolaíocht saolta a ghabhann leis an réasún, an eitic, agus an cheartas, agus a ndiúltíonn go sonrach smaointe osnádúrtha agus creidimh mar bhonn leis an mhoráltacht agus le chinntí a dhéanamh. D'eascair an daonnachas reiligiúnach as eagraíochtaí reiligiúnacha liobrálacha a d'fhorbair i dtreonna daonnachaíocha níos mó. Is éard is an daonnachas reiligiúnach ná comhtháthú ar leith d'fhealsúnacht eiticiúil dhaonnachaíoch leis na deasghnátha agus creidimh de roinnt reiligiún faoi leith, cé go bhfuil an daonnachas reiligúnach dírithe fós ar riachtanais, spéiseanna agus cumais an duine.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díorthaíonn an focal "daonnachaí" as an focal "umanista", téarma Iodáilise de chuid an 15ú haois, a dhéanann cur síos ar mhúinteoir nó scoláire na litríochta clasaiceacha Gréigise agus Laidine agus an fhealsúnacht eiticiúil taobh thiar dí (lena n-áirítear an cur chuige daonnachtaí).
Ní raibh lucht an Daonnachais ag iarraidh eolas nua ar an sinsearacht[nóta 1] a chur ar fáil, ná go deimhin meas nua a chothú uirthi, ach "tuiscint nua uirthi is athmhúnlú machnaimh". Cuireadh an-bhéim ar an fhileolaíocht chuige sin, ach deir Ó Buachalla gurb é an saothrú a rinneadh ar an stair san Eoraip sa 17ú haois "an bhuaic a bhí ar obair na nDaonnachtaithe". Bhí fides historiae mar thopas acu. Chuireadar dearcadh agus teicníc stairiúil – .i. anacronachas, súil le fianaise, agus spéis sa chúisíocht – ag obair ar raidhse brainsí den léann meánaoiseach, rud a d'eascair tuiscint nua ar an stair féin as de réir a chéile.[2]
Bhí an topas céanna ag an Reifirméisean. Bhí aighneas ar siúl idir an Piúratánachas agus an Daonnachas i rialtas Sasanach Bhaile Átha Cliath.[2]
Bhí lámh ag Daonnachaithe na hIodáile i scaipeadh nóisean an patria agus na staire náisiúnta dá réir sin. Bhí teacht ag na daoine as Éirinn a chuaigh thar lear sa 17ú haois ar thuairimí seo na nDaonnachaithe. Is sa ré seo a tháinig bláthú ar an meon gur 'Éireannaigh' (nó 'Iberni' i bhfriotal Uí Shúilleabháin Bhéarra) iad muintir na hÉireann uile seachas Gaeil agus Gaill.Bhí Coláiste San Antaine i Lobháin ar na háiteanna a thug Éireannaigh faoi obair na hAthnuachana.[2]
Sa bhliain 1856, fós sula raibh baint ag an fhocal leis an saoltachas, bhain an Gearmánach agus an focleolaí Georg Voigt úsáid as chun cur síos a dhéanamh ar dhaonnachas an Renaissance, an ghluaiseacht a bhí faoi rath agus bláth le linn Renaissance na hIodáile chun an léinn chlasaicigh a athmhúscailt (glacadh leis an sainmhíniú seo go forleathan i measc staraithe i go leor náisiúin).
Le linn Réabhlóid na Fraince, agus go luath tar éis sin sa Ghearmáin (ag na Héigealaigh Clé), thagair an daonnachas d'fhealsúnachtaí agus do mhoráltacht a bhíonn dírithe ar an chine daonna, gan aird a thabhairt ar aon tuairimí diagacha.
Timpeall an ama nuair a thosaigh an ghluaiseacht eiticiúil ag baint úsáide as an focal sna 1930í, diaidh ar ndiaidh, b'ionann an téarma "daonnachas" agus "saoltachas" agus ar deireadh "An Daonnachas", nó an daonnachas saolta (gluaiseacht sách-nua, a rugadh in Ollscoil Chicago).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Mater Dei (2007). "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-09-19.
- 1 2 3 Breandán Ó Buachalla (1982). ""Annála Ríoghachta Éireann" Is "Foras Feasa ar Éirinn": An Comhthéacs Comhaimseartha". Studia Hibernica (22/23): 59–105. ISSN 0081-6477.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tá Ó Buachalla tar éis 'sinsearacht' a mholadh le cur síos a dhéanamh ar an tsean-am ab áil le lucht an Daonnachais, de rogha ar 'ársaíocht', 'seandacht' srl. (Ó Buachalla 1982, lch 67).
