Nathair
| Serpentes | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Is foinse é an tacsón seo de | feoil nathrach |
| Tacsanomaíocht | |
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Chordata |
| Aicme | Reptilia |
| Ord | Squamata |
| Fo-ord | Serpentes Linnaeus, 1758 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Séard atá i gceist le nathair ná péist fhada chaol gan cosa agus gainne uirthi.[1] Is reiptíl í an nathair. Ainmhí feoiliteach is ea í agus bíonn sí nimhiúil uaireanta. Tháinig an nathair chun cinn timpeall 135 milliún bliain ó shin, meastar, éabhlóidithe ó laghairteanna tochaltóra nó laghairteanna snámha na farraige. Faightear ar fud an Domhain í ach amháin i réigiúin an-fhuara nó oileáin áirithe.[2]

Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bíonn na cnámha géill scoite ceangailte le loingeáin. Is féidir leis na cnámha seo gluaiseacht amach ó chéile chun gur féidir leis an nathair creach atá níos mó ná a ceann a shlogadh siar.
- Itheann an nathair ainmhithe is uibheacha. Ní féidir léi cogaint, ach slogann sí an chreach ina hiomláine agus tuaslagann na súlaigh dhíleáite, fiú cnámha is fiacla.
- An cholainn fhada shorcóireach lannach, gan aon ghéaga, caipíní súile, ná cluasa feiceálacha.
- Na horgáin inmheánacha oiriúnaithe don cholainn chaol. Luíonn na duáin ceann taobh thiar den cheann eile in ionad a bheith taobh lena chéile. An scamhóg chlé as láthair nó an-bheag (ach amháin i bpíotóin is buachrapairí).[2]
Dáileadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir teacht ar nathracha ar gach aon cheann de na mór-ranna seachas san Antartaice. Tá breis agus 2,900 speiceas de nathracha ann chomh fada ó thuaidh leis an gCiorcal Artach sa Lochlainn agus ó dheas san Astráil.
Tá siad le fáil san fharraige agus chomh hard sna sléibhte le 16,000 troigh in airde sna Himiléithe san Áise.[3]
Níl siad i dtuaisceart Mheiriceá Thuaidh ná i gcian-thuaisceart na hEorpa agus na hÁise. Níl siad le fáil ar roinnt oileán ach oiread: Éire, an Íoslainn agus an Nua-Shéalainn (cé go dtéann nathracha mara isteach sna farraigí timpeall ar an Nua-Shéalainn uaireanta).
Nimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá timpeall 300 speiceas nathracha nimhe ar eolas, a insteallann leath dá nimh i ngreim amháin. Meastar go bhfaigheann suas le 40,000 duine bás gach bliain ó ghreim nathrach.[2]
Díothú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Béaloideas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur ruaig Naomh Pádraig na nathracha uilig as Éirinn. Tuigtear inniu nár chuir Pádraig ruaig ar na nathracha nimhe ar chor ar bith óir ní raibh a leithéid ann ag an am. Cinnte, déanann an scríobhaí Gréagach, Solinus, tagairt don fhíric seo agus é ag scríobh céad bliain sula chuir Pádraig cos ar thalamh na tíre seo. Glactar leis gurb iad na Normannaigh a chum an scéal seo i dtaobh Pádraig.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: nathair" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2026-07-16.
- 1 2 3 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).
- ↑ Conant R, Collins JT. 1991. A Field Guide to Reptiles and Amphibians: Eastern and Central North America. Houghton Mifflin, Bostún. 450 lgh. 48 pláta. ISBN 0-395-37022-1.
- ↑ "Comprehensive Study of World’s Reptiles: More Than One in Five Reptile Species are Threatened with Extinction | IUCN" (en). iucn.org (2022-04-27). Dáta rochtana: 2026-07-16.
- ↑ "The Reptile Database" (en). reptile-database.org. Dáta rochtana: 2026-07-16.
- ↑ "Naomh Pádraig | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2026-07-16.
